An Fhrainc, an chomharsa is gaire daoibh san AE - Jean-Yves Le Drian

JPEG

Tacaíonn an Fhrainc agus Éire le tionscadal polaitiúil don Eoraip atá bunaithe ar chomhluachanna, a fhreastalaíonn ar shaoránaigh na hEorpa, agus a chothaíonn an tsíocháin agus rath.

Baineadh céim nua amach an 1 Eanáir 2021 chun an caidreamh idir an Fhrainc agus Éire a neartú. Deimhníodh aistarraingt na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ag meán oíche Déardaoin an tseachtain seo caite, ag deireadh idirthréimhse Brexit. Rinne muintir na Breataine an rogha seo chun imeacht. Tá aiféala orainn faoi, ach tá meas againn air.

Imreoidh Brexit tionchair thromchúiseacha agus shuntasacha ar ár gcomhshaoránaigh agus ár ngeilleagair, faoi láthair agus san fhadtéarma araon. Is í Éire is mó a bheidh thíos go díreach leis na tionchair siúd i gcomparáid le haon Bhallstát eile den Aontas Eorpach. Sin an fáth gur léirigh an Fhrainc, sa mhullach ar na Ballstáit eile, dlúthpháirtíocht le Éirinn i rith na hidirbheartaíochta leis an RA. Agus faoi mar a dúirt an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn go cuí, is í an Fhrainc an chomharsa is dlúithe anois le hÉirinn laistigh den Aontas Eorpach, san Eoraip nua seo ina bhfuil 27 ballstát. Agus is í an Bhriotáin an réigiún is gaire d’Éirinn. Tuigim é seo go han-soiléir mar gheall gur oibrigh mé mar ionadaí tofa ansin. Tá go leor cuimhní pearsanta agam a bhaineann le hÉirinn, go háirithe ar an bhFéile Idir-Cheilteach in Lorient, baile inar oibrigh mé mar mhéara ar feadh tréimhse fhada.

Tá na ceangail dhlútha chairdis idir ár dhá thír fréamhaithe sa stair, go deimhin, agus neartaíodh iad go seasmhach leis na céadta bliain anuas. Níl dearmad déanta againn air gur throid go leor saighdiúirí Éireannacha i gcéimeanna Arm na Fraince, idir Imeacht na nIarlaí sa 17ú haois agus an ról a bhí ag Samuel Beckett ról sa Lucht Frithbheartaíochtain sa Dara Cogadh Domhanda.
Tá na ceangail chultúrtha a aontaíonn an Fhrainc agus Éire an-dlúth freisin: Is í an Fhraincis an chéad teanga iasachta a mhúintear in Éirinn, agus is í an Fhrainc an príomhcheann scríbe ar a dtugann mic léinn Éireannacha Erasmus+ aghaidh. Agus is Francaigh is mó atá sna mic léinn Eorpacha atá in Éirinn. Ghlac Éire le ballraíocht den Organisation Internationale de la Francophonie (OIF) in 2018, agus aithníodh, ar an gcaoi sin, go léirítear sa Fhraincis freisin oscailteacht don domhan. Ar nós James Joyce, Samuel Beckett, Oscar Wilde agus W.B. Yeats, tugadh spreagadh do go leor scríbhneoirí Éireannacha i bPáras. Ba mhaith liom dá gcuirfimis níos mó lenár gcomhoibriú acadúil trí na comhpháirtíochtaí idir ollscoileanna na Fraince agus na hÉireann a neartú.

Tugtar an dlúthchaidreamh nua seo faoi deara i roinnt mhaith ceangail dhíreacha farraige idir ár dhá thír, a théann chun sochair oibriú Mhargadh Aonair na hEorpa gan deacrachtaí. Léireoidh an tIdirnascaire Ceilteach é seo go fisiciúil freisin, an cábla leictreachais 70 MW a cheanglóidh ár dhá thír ó 2026 ar aghaidh agus a spreagfaidh fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt. Tá brainsí faoi láthair ag céad caoga gnólacht Francach in Éirinn agus fostaíonn siad 12,000 duine, a léiríonn ár gcaidreamh dinimiciúil geilleagrach. Tá súil againn níos mó a dhéanamh, agus ba mhaith liom go smaoineoimis le chéile faoi chomhpháirtíocht ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe, ag féachaint le comhoibriú a dhéanamh maidir le cumhacht ghaoithe amach ón gcósta, cathracha a bhainistiú go hinbhuanaithe agus oiriúnú dár sochaithe, geilleagair agus talmhaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an bhithéagsúlacht a chosaint.

Is féidir linn comhoibriú níos mó freisin maidir leis an ngeilleagar digiteach, ina bhfuil imreoir mór déanta d’Éirinn san AE. Tá gnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta ag lorg chun comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus a chruthú le hÉirinn.

Tá d’uaillmhian ag ár réigiúin agus cathracha comhoibriú níos mó chun aghaidh a thabhairt ar chomhdhúshláin le chéile.

Tá an Fhrainc agus Éire araon tiomanta go bunúsach do sheasamh le cearta daonna agus riail an dlí san Eoraip agus go hidirnáisiúnta. Ina thaobh seo, cuirim fáilte roimh thoghadh na hÉireann le Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe don tréimhse 2021-2022: is féidir le hÉirinn brath ar an bhFrainc tacaíocht a thabhairt leis an iltaobhachas a chur chun cinn.

Leanfaidh an dlúthpháirtíocht ar aghaidh idir ár dhá thír laistigh den Aontas Eorpach, áit a bhfuil ár leasanna agus ár staideanna cosúil lena chéile maidir le go leor saincheisteanna, Comhaontú Aoine an Chéasta agus síocháin i dTuaisceart Éireann a chosaint san áireamh. Tacaíonn an Fhrainc agus Éire le tionscadal polaitiúil don Eoraip atá bunaithe ar chomhluachanna, a fhreastalaíonn ar shaoránaigh na hEorpa, agus a sholáthraíonn síocháin agus rath bliain roimh uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a thosóidh in Eanáir 2022.

Beartaíonn an Fhrainc agus Éire le chéile caibidil nua a scríobh ina gcaidreamh; dhá chomharsana atá níos dlúithe ná mar a bhí riamh roimhe seo agus a bhfuil an chinniúint chéanna i ndán dóibh laistigh d’Aontas Eorpach atá níos láidre agus níos ceannasaí agus a chuireann níos mó tacaíochta ar fáil dá chéile.

Is é Jean-Yves Le Drian Aire Gnóthaí Eorpacha agus Eachtracha na Fraince

PNG

Modhnú deireanach: 16/10/2021

Barr an leathanaigh