Athnuachan na hEorpa [en]
A Shaoránaigh na hEorpa,
B’fhéidir gur dána an mhaise dom labhairt libh go díreach, ach níl mé á dhéanamh díreach ar mhaithe leis an stair agus na luachanna a tharraingíonn muid le chéile. Tá mé á dhéanamh mar nach tráth moille é seo. As seo go ceann cúpla seachtain, beidh tionchar cinniúnach ag na toghcháin Eorpacha ar thodhchaí ár mór-roinne, Mór-Roinn na hEorpa.
Tá an Eoraip níos riachtanaí anois ná mar a bhí am ar bith ó thit an Dara Cogadh Domhanda amach. É sin ráite, ní raibh an Eoraip chomh mór i mbaol báis riamh is atá inniu.
Is siombail den bhaol báis sin é Brexit. Is siombail é den ghéarchéim san Eoraip, ar theip uirthi freagairt do riachtanais a pobail chun iad a chosaint ó mhórshuaitheadh an tsaoil chomhaimseartha. Is siombail é den tsáinn Eorpach chomh maith céanna. Is í an tsáinn atá i gceist gan a bheith páirteach san Aontas Eorpach. Tá an tsáinn fréamhaithe sa bhréag agus sa mhífhreagracht a d’fhéadfadh an bonn a bhaint di. Cé a d’inis an fhírinne do mhuintir na Breataine faoin todhchaí a bhí i ndán dóibh tar éis Brexit ? Cé a d’inis dóibh nach mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as margadh na hEorpa níos mó ? Cé a thagair don bhaol don tsíocháin in Éirinn nó d’athbhunú na teorann ? Níl aon tairbhe le baint as athdhaingiú trí ghearradh siar na náisiúnach ; is diúltú gan rogha mhalartach atá ann. Agus tá an Eoraip ar fad faoi bhagairt ag an tsáinn seo : lucht na feirge, lucht na bréagnuachta, lucht geallta na gréine agus na gealaí.
Ní mór dúinn an fód a sheasamh, go bródúil agus go breá soiléir, agus dúshlán an mhí-ionracais a thabhairt, agus is é an túsphointe an Eoraip a mhíniú. Is sampla de rath stairiúil é an Eoraip : tá athmhuintearas le brath anois i mór-roinn a bhí ag titim óna chéile, athmhuintearas a d’fhorbair as tionscadal bunaithe ar shíocháin, rathúnas agus saoirse, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Níor cheart dúinn é sin a ligean i ndearmad riamh. Agus táimid á gcosaint ag an tionscadal seo fós sa lá inniu ann. Ainmnigh an tír atá in ann déileáil go neamhspleách le straitéisí ionsaitheacha lucht na cumhachta ? Ainmnigh an tír a bhfuil ar a cumas greim a choinneáil ar a ceannasacht, go neamhspleách, agus an ré dhigiteach ar leac an dorais ? Conas a d’fhéadfaimis cur i gcoinne ghéarchéimeanna an chaipitleachais airgeadais gan an euro, fórsa nirt san Aontas Eorpach trí chéile ? Is ionann an Eoraip freisin agus na céadta tionscadal a bhí mar bhonn le cuma níos fearr a chur ar ár réigiúin : an scoil athchóirithe, an bóthar tógtha, agus an tIdirlíon ardluais, a raibh fanacht fada air. Is cuid den saol laethúil an streachailt seo, mar cosúil leis an tsíocháin, ní féidir linn talamh slán a dhéanamh de go mairfidh an Eoraip go brách. Tá mise ag tacú leis an Eoraip gan stad gan staonadh, chun í a fhorbairt agus a samhail a chosaint ar mhaithe leis an bhFrainc. Tá sé léirithe againn nach raibh an rud a dúradh linn a bhí dodhéanta, cumas cosanta don Eoraip a chruthú agus cearta sóisialta a chosaint, dodhéanta i ndáiríre.
Ach fós ní mór dúinn níos mó a dhéanamh, agus níos túisce, mar tá sáinn eile fós ann : sáinn an status quo agus an easpa frithbheartaíochta. Agus iarracht á déanamh againn déileáil le géarchéimeanna suntasacha ar fud an domhain, is minic go ndeir saoránaigh, “Cá bhfuil an Eoraip ? Céard atá á dhéanamh ag an Eoraip ?” Níl ann ach margadh gan croí, gan anam ina n-intinn siúd. É sin ráite, tá níos mó i gceist leis an Eoraip ná margadh. Is tionscadal é. Tá margadh úsáideach, ach níor cheart dó cur isteach ar an ngá atá le teorainneacha a chosnaíonn agus le luachanna a tharraingíonn daoine le chéile. Tá dul amú ar náisiúnaigh nuair a bhíonn siad ag éileamh go bhfuil ár bhféiniúlacht á cosaint acu trí tharraingt amach as an Eoraip, mar gurb í sibhialtacht na hEorpa a tharraingíonn daoine le chéile, a thugann saoirse dóibh, agus a chosnaíonn iad. Ach tá dul amú chomh maith céanna ar na daoine nach bhfuil fonn orthu rud ar bith a athrú, mar go ndiúltaíonn siad don mhéid atá ag déanamh imní dár bpobal, an t-amhras a bhaineann an bonn dár ndaonlathas. Is tréimhse chinniúnach í seo i stair ár mór-roinne, tréimhse nuair nach mór dúinn an cruth polaitiúil agus cultúrtha atá ar ár sibhialtacht a athchruthnú i ré seo an athraithe. Tá sé in am d’athnuachan na hEorpa. Dá réir sin, ag diúltú do chathú na scoiteachta agus na deighilte, molaim gur cheart dúinn an athnuachan seo a bhunú ar thrí uaillmhian : saoirse, cosaint agus dul chun cinn.
Cosain ár saoirse
Tá an tsamhail Eorpach bunaithe ar shaoirse an duine agus éagsúlacht tuairimí agus cruthaitheacht. Is í an chéad saoirse atá againn an tsaoirse dhaonlathach : an tsaoirse ár gceannairí a roghnú nuair atá iarracht á déanamh ag cumhachtaí eachtracha dul i bhfeidhm ar na vótaí a gcaithimid ag gach toghchán. Molaim gur cheart Gníomhaireacht Eorpach a chruthú chun Daonlathas a Chosaint, a chuirfidh saineolaithe Eorpacha ar fáil do gach Ballstát chun a bpróiseas toghcháin a chosaint i gcoinne cibear-ionsaithe agus ionramháil. Agus ag leanúint le spiorad seo an daonlathais, ba cheart dúinn cosc a chur ar pháirtithe polaitíochta Eorpacha a bheith á maoiniú ag cumhachtaí eachtracha. Ba cheart go mbeadh rialacha Eorpacha againn chun deireadh a chur le gach gríosú chun fuatha agus foréigin ón Idirlíon, de bhrí gurb ionann meas ar an duine aonair agus bunchloch shibhialtacht na dínite.
Cosain ár mór-roinn
Bunaithe ar an athmhuintearas inmheánach, tá dearmad déanta ag an Aontas Eorpach an saol mar atá i ndáiríre a chur san áireamh. Ach fós féin, ní féidir le haon phobal braistint chómhuintearais a chruthú mura bhfuil teorainneacha ann nach mór iad a chosaint. Is í an teorainn atá i gceist saoirse na slándála. Dá réir sin, ní mór dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar limistéar Schengen : ba cheart go mbeadh orthu siúd ar mian leo a bheith páirteach ann oibleagáidí freagrachta (dianrialuithe teorann) agus dlúthpháirtíochta (beartas amháin maidir le tearmann agus na rialacha céanna glactha agus diúltaithe) a chomhlíonadh. Beidh fórsa comhtheorainneacha ag teastáil mar aon le hoifig Eorpach do chúrsaí tearmainn, dian-oibleagáidí rialaithe agus dlúthpháirtíocht Eorpach a mbeidh gach tír in ann cur léi faoi údarás Chomhairle Eorpach um Shlándáil Inmheánach. Maidir le ceist na himirce, creidim in Eoraip a chosnaíonn a luachanna agus a teorainneacha.
Ba cheart go mbeadh na caighdeáin chéanna i gceist chomh fada is a bhaineann le cosaint. Tá dul chun cinn suntasach déanta le dhá bhliain anuas, ach ní mór dúinn a bheith thar a bheith soiléir faoin méid atá ar bun againn : ba cheart go ndéanfaí sainmhíniú i gconradh ar chosaint agus ar shlándáil, ar ár n-oibleagáidí bunúsacha i gcomhpháirt le NATO agus lenár gcomhghuaillithe Eorpacha : caiteachas méadaithe ar chosaint, clásal um chosaint fhrithpháirteach atá oibríochtúil, agus Comhairle Slándála na hEorpa agus tacaíocht ón Ríocht Aontaithe chun ár gcinntí comhchoiteanna a ullmhú.
Ní mór go mbeadh cóiriomaíocht á ráthú ag ár dteorainneacha chomh maith. Cá bhfuil an chumhacht ar fud an domhain a ghlacfadh le trádáil leanúnach leo siúd nach bhfuil meas acu ar aon cheann dá gcuid rialacha ? Ní féidir linn leanúint leis an bhfulaingt gan aon rud a rá. Caithfimid ár mbeartas iomaíochta a athchóiriú agus ár mbeartas trádála a athmhúnlú agus pionóis a chur san áireamh nó cosc a chur san Eoraip ar ghnóthaí a chuireann ár leasanna straitéiseacha agus luachanna bunúsacha i mbaol, cosúil le caighdeáin chomhshaoil, cosaint sonraí agus íocaíocht chóir cánacha ; agus tosaíocht Eorpach a ghlacadh i ndáil le tionscail straitéiseacha agus ár soláthar poiblí, mar a dhéanann ár n-iomaitheoirí Meiriceánacha agus Síneacha.
Spiorad an dul chun cinn a thabhairt chun beochta athuair
Ní cumhacht den dara grád í an Eoraip. Tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta i ngach uile réimse : is í an Eoraip a shainmhínigh caighdeáin an dul chun cinn riamh anall. Sa chomhthéacs seo, ní mór don Eoraip dlús a chur faoi thionscadal a bhfuil sé mar aidhm leis daoine a thabhairt le chéile seachas tacú leis an iomaíocht : ní mór don Eoraip, áit chruthaithe na slándála sóisialta, cosaint shóisialta a bhunú le haghaidh gach oibrí, thoir agus thiar, thuaidh agus theas, a ráthaíonn an pá céanna san áit oibre céanna, agus pá íosta Eorpach atá oiriúnach do gach tír agus a phléitear i dteannta a chéile gach bliain.
Ní mór a bheith ar thús cadhnaíochta chomh fada is a bhaineann le cúrsaí éiceolaíochta freisin sular féidir dul chun cinn a dhéanamh athuair. An mbeimid in ann breathnú idir dhá shúil ár leanaí mura bhfuilimid lánchinnte faoina bhfuil beartaithe againn a dhéanamh maidir lenár bhfiachas aeráide ? Ní mór don Aontas Eorpach a sprioc a shonrú – limistéar saor ó charbón faoi 2050 agus líon na lotnaidicídí atá in úsáid a laghdú faoina leath faoi 2025 – agus a bheartais a oiriúnú le bearta cosúil leis an mBanc Ceannais Eorpach a fháil chun an t-aistriú éiceolaíochta a mhaoiniú, fórsa Eorpach um shábháilteacht bia chun ár rialúcháin bhia a fheabhsú, agus chun bagairt an bhrúghrúpa a throid, measúnú eolaíochta neamhspleách ar shubstaintí atá guaiseach don chomhshaol agus don tsláinte. Ní mór go mbeadh an dianriachtanas seo mar bhonn lenár ngníomhaíocht ar fad : ón mBanc Ceannais go dtí an Coimisiún Eorpach, ó bhuiséad na hEorpa go dtí an Plean Infheistíochta don Eoraip, ní mór go mbeadh an aeráid ar shainordú ár n-institiúidí ar fad.
Is ionann dul chun cinn agus saoirse agus a bheith in ann slí bheatha a bhaint amach ón obair atá ar bun agat : Ní mór don Eoraip súil a chaitheamh chun cinn chun poist a chruthú. Sin é an chúis nach mór ní hamháin na fathaigh dhigiteacha a rialú trína chinntiú go bhfuil faireachán á dhéanamh ag an Eoraip ar na príomhardáin (pionóis gan mhoill le haghaidh iomaíocht éagórach, algartaim thrédhearcacha, etc.), ach freisin trí nuálaíocht a mhaoiniú trí bhuiséad a thabhairt don Chomhairle Nuálaíochta Eorpach, atá díreach bunaithe, atá cothrom leis an mbuiséad atá ag na Stáit Aontaithe ionas gur féidir a bheith ar thús cadhnaíochta chomh fada is a bhaineann le forbairtí teicneolaíochtaí nua cosúil le hintleacht shaorga.
Ní mór d’Eoraip atá dírithe ar an domhan trí chéile súil a chaitheamh i dtreo na hAfraice, agus ba cheart conradh a bhunú leis an Afraic don todhchaí, agus an bóthar céanna a leanúint agus tacú go huaillmhianach agus go neamhchosantach le forbairt atá ar bun san Afraic, le bearta cosúil le hinfheistíocht, comhpháirtíochtaí acadúla agus deiseanna oideachais do chailíní.
Saoirse, cosaint agus dul chun cinn. Ní mór dúinn athnuachan na hEorpa a bhunú ar na colúin seo. Ní féidir linn cead a gcinn a thabhairt do náisiúnaithe atá gan réitigh teacht i dtír ar fhearg na ndaoine. Ní féidir linn a bheith ag siúl go dall trí Eoraip atá imithe i léig. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh amhail is go bhfuil gach rud ceart go leor agus a bheith ag brionglóideach. Teastaíonn gníomhaíocht ó dhaonnachas Eorpach. Agus i ngach áit, tá daoine ag seasamh suas agus tá siad ag iarraidh a bheith páirteach san athrú sin. Dá réir sin, faoi dheireadh na bliana, beidh Comhdháil don Eoraip bunaithe againn le hionadaithe ó na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit, chun na hathruithe ar fad atá ag teastáil ónár dtionscadal polaitíochta a mholadh, le hintinn oscailte, fiú amháin chomh fada is a bhaineann leis na conarthaí a leasú. Ní mór don chomhdháil seo deis cainte a thabhairt do phainéil saoránach agus do lucht acadúil, d’ionadaithe gnó agus saothair, agus do cheannairí reiligiúnacha agus spioradálta. Forbrófar treochlár don Aontas Eorpach dá toradh agus aistreofar na príomhthosaíochtaí go gníomhaíochtaí. Beidh daoine ag easaontú lena chéile, ach an fearr Eoraip nach bhfuil ag forbairt nó Eoraip atá ag forbairt, ag luasanna difriúla uaireanta, agus a fháiltíonn roimh chách ?
San Eoraip seo, beidh smacht ag na daoine ar a dtodhchaí athuair. San Eoraip seo, táim cinnte go n-aimseoidh an Ríocht Aontaithe a háit féin.
A Shaoránaigh na hEorpa, tá ceacht le foghlaim againn ar fad ó chonstaic Brexit. Ní mór dúinn éalú ón tsáinn seo agus a chinntiú go mbeidh na toghcháin atá ar na bacáin agus ár dtionscadal féin fiúntach. Is fútsa atá sé an cinneadh a dhéanamh an mairfidh an Eoraip agus na luachanna dul chun cinn a chuimsíonn sí níos faide ná seal gairid. Is é seo an rogha atá á moladh agam : an bóthar d’athnuachan na hEorpa a leagan amach i dteannta a chéile.
Emmanuel Macron