Óráid lena Shoilse, Vincent Guérend, Ambasadóir na Fraince go hÉirinn
Óráid lena Shoilse, Vincent Guérend, Ambasadóir na Fraince go hÉirinn
Baile Átha Cliath, an 8 Deireadh Fómhair 2020
A chomhthírghráthóirí, a chairde Éireannacha,
Is onóir dom glacadh le mo phost mar Ambasadóir na Fraince go hÉirinn, agus mé ag teacht i gcomharbas ar Stéphane Crouzat; léirím ómós don obair a rinne sé féin agus a rinne ár réamhtheachtaithe.
Tá na ceangail a aontaíonn an Fhrainc agus Éire fréamhaithe go domhain sa stair. Braitheann an caidreamh beoga cairdiúil seo ar spleodar na ndaoine siúd a ghlacann páirt ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, i limistéir an chultúir, an spóirt, na heacnamaíochta, na heolaíochta agus na polaitíochta. Tá an chinniúint chéanna san Aontas Eorpach i ndán dár dhá thír, cinniúint a bhronnann an tsíocháin agus an rath orainn. Bainfidh gné nua agus i bhfad níos treise lenár gcaidreamh, nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an Fhrainc le bheith mar an gcomharsa is dlúithe le hÉirinn san Aontas Eorpach. Tá an caidreamh nua seo a fhorbairt i gcroílár mo mhisin.
Tá ullmhúchán á dhéanamh ag an bhFrainc chun uachtaránacht sealaíochta an Aontais Eorpaigh a óstáil sa chéad leath den bhliain 2022. Oibreoimid go dlúth le Rialtas na hÉireann chun aghaidh a thabhairt le chéile ar an iomaí dúshlán polaitiúil, geilleagrach, comhshaoil agus sláinte atá roimh an Aontas Eorpach, agus dúshláin iad ar féidir leis a shárú. Déanann an tacaíocht airgeadais a thug an AE chun an tIdirnascaire Ceilteach, an cábla leictreachais a bhfuil toilleadh 70 MW aige a cheanglóidh ár dhá thír ón mbliain 2026 ar aghaidh, na foirmeacha nua de dhlúthpháirtíocht a thaispeáint go soiléir ba mhaith linn a fhorbairt idir an Fhrainc agus Éire, i gcreat Eorpach agus déthaobhach.
Ar deireadh, cuirim fáilte freisin roimh rannpháirtíocht na hÉireann in obair Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar feadh tréimhse dhá bhliain ó Eanáir 2021 ar aghaidh agus roimh ár gcomhoibriú maidir le dúshláin dhomhanda sa chreat iltaobhach sin atá an-luachmhar dár dhá thír.
Tugaim cuireadh do gach cara leis an gcaidreamh Franc-Éireannach chun páirt a ghlacadh inár ngníomhaíochtaí agus i ngníomhaíochtaí an líonra Comhaontas Francach in Éirinn, agus chun sinn a leanúint agus idirghníomhú a dhéanamh linn ar an suíomh gréasáin seo agus sna meáin shóisialta.
An Fhrainc go brách! Éire go brách! An cairdeas Franc-Éireannach go brách! An Eoraip go brách!
Vincent Guérend, Ambasadóir na Fraince go hÉirinn