Tá an Fhrainc agus Éire tiomanta dár gcaidreamh déthaobhach a neartú agus a dhaingniú tuilleadh, go háirithe ós rud é gurb í anois an Fhrainc an chomharsa is gaire d’Éirinn san Aontas Eorpach.
Chun an sprioc sin a bhaint amach, ba mhian linn Plean Comhpháirteac h Gníomhaíochta a ghlacadh don tréimhse 2021-2025, a d’fhágfadh go bhféadfaí idirphlé treisithe agus comhpháirtíocht uaillmhianach pholaitiúil a bheith ann lena ngabhfad h tionscnaimh nithiúla agus tionchar intomhaiste ar ár gcaidreamh. Bunaithe ar chairdeas agus dáimh sheasmhach agus dhomhain a théann siar na céadta bliain, comhpháirtithe láidre is ea an Fhrainc agus Éire san Aontas Eorpach, sna Náisiúin Aontaithe agus ar scála domhanda, i dteannta iad a bheith ina ndlúthchomhpháirtithe déthaobhacha agus comharsana.
Is iad is foras don Phlean Comhpháirteach Gníomhaíochta seo ár bprionsabail agus luachanna comhchoiteanna agus tógtar leis ar Dhearbhú Comhpháirteach na nAirí arna ghlacadh ag Coveney agus Le Drian i mí na Bealtaine, 2021.
Tá raon tionscnamh nua sa Phlean seo lena léirítear tosaíochtaí comhroinnte na hÉireann agus na Fraince, mar atá: tacú leis an inbhuanaitheacht; ceangal trádála a mhéadú; an geille a gar digiteach a chothú; naisc oideachais agus thaighde a neartú; an Fhraincis a chur chun cinn; agus oidhreacht chultúrtha a chothú.
Plean Comhpháirteach Gníomhaíochta idir an Fhrainc agus Éire, 2021-2025: